TRÉSOR DE BIBLIOTHÈQUES # 02 (GAE)

🇫🇷 🇮🇪 🇬🇧

Travels into Several Remote Nations of the World. In Four Parts. By Lemuel Gulliver, First a Surgeon, and then a Captain of Several Ships, by Jonathan Swift, London 1726 (19 x 12 cm), LO SWIFT 53.
© Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Note : 5 sur 5.

Téacs : Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Foilsíodh ‘Travels into Several Remote Nations of the World. In Four Parts. By Lemuel Gulliver, First a Surgeon, and then a Captain of Several Ships’, nó ‘Gulliver’s Travels’, mar a tugadh ar an leabhar go luath i ndiaidh a fhoilsithe, ar an 28 Deireadh Fómhair 1726. Bhí an-tóir ar an leabhar láithreach agus foilsíodh dhá eagrán eile de roimh dheireadh na bliana sin. Mar a bheifí ag súil leis, tá cóipeanna de roinnt eagrán ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá na leathanaigh atá digitithe anseo ó imleabhar den chéad eagrán a fuarthas le Bailiúchán Alfred Webb, a bronnadh ar an leabharlann in 1908.
Cé gur aoir shofaisticiúil é an leabhar go bunúsach a bhaineann leis an Eagnaíocht agus le saincheisteanna amhail an caidreamh idir géillsinigh agus rialtóirí, agus cé go raibh sé i gceist aige ‘crá croí seachas siamsaíocht a chur ar fáil don domhan’ (‘to vex the world rather than divert it’), d’éirigh chomh maith céanna leis mar shaothar samhlaíoch ficsin a thaitníonn leis na milliúin léitheoirí de gach aois.

Note : 1 sur 5.